Home Knowledge Ní Thagann Fada Gan Iarracht: An Sárú Sonraí é Síneadh Fada a Fhágáil ar Lár?

Ní Thagann Fada Gan Iarracht: An Sárú Sonraí é Síneadh Fada a Fhágáil ar Lár?

 

You can read the English version of this article here.  

Tá fiosrú á dhéanamh ag an gCoimisúin um Chosaint Sonraí (an DPC) faoin gcinneadh atá déanta ag comhlachtaí poiblí agus príobháideacha diultú d’iarratas sonraí pearsanta a cheartú agus ainm a litriú leis an síneadh fada.  

Cúlra

Tá Ciarán Ó Cofaigh, léiritheoir teilifíse tar éis gearán a sheoladh isteach ag an DPC faoin bhFeidhmeannacht Seirbhíse Sláinte i ndiaidh d’fhoireann leighis in ospidéal insint dó nach bhféadfaí a ainm a ionchur ar bhogearraí an ospidéil leis an síneadh fada.  

Tá an gearánaí tar éis aighneachtaí eile cosúil leis an ngearán seo a sheoladh isteach ag bainc Éireannacha agus chomhlachtaí príobháideacha eile nach bhfuil tar éis a ainm a litriú i gceart.  

Tá an gearán bunaithe ar airteagail a 16 don Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (an GDPR) a deir go bhfuil sé de cheart agat iarratas a chur isteach ag rialaitheoir le haon sonraí pearsanta míchruinne nó easnamhacha a bhaineann leat a cheartú gan aon mhoill mhíchuí (an ceart go ndéanfaí ceartúcháin). 

Dar le Graham Doyle, urlabhraí ón DPC, tá sé i gceist ag an oifig an gearán seo a phlé le rialaitheoirí Eorpacha eile agus leis an gComisinéar Teanga chun stádas oifigiúil an síneadh fada a shoiléiriú agus a dhearbhú. 

Tábhacht

Más rud é go seasann an DPC leis an ngearán seo beidh impleachtaí suntasacha ann do chomhlachtaí a dhéanann próiseáil ar líon mór sonraí pearsanta i nGaeilge agus i dteangacha iasachta. Tá seans ann go mbeadh ar na comhlachtaí seo uasdátú a dhéanamh ar bhoghearraí le cinntiú gur féidir an síneadh fada a ionchur ar an gcóras agus bheadh costas ard ag baint leis an bpróiseas seo. 

Mar aon leis sin, faoin GDPR is féidir fíneálacha arda (suas le €20m nó 4% de láibdeachas bliaintúil) a ghearradh ar chomhlachtaí príobháideacha nach gcomhlíonann a gcuid dualgaisí mar is ceart. 

Leagann an gearán áirithe seo béim ar thábacht an chruinnis agus ainmneacha daoine á litriú.  Cé nach bhfuil sa síneadh fada ach mionsonra, is féidir leis tionchar tábhachtach a bheith aige ar fhoghraíocht agus ar shainbhrí an ainm, m.sh “Seán” (ainm Gaelach) agus “sean” (aidiacht). 

I gcomthéacs ainmneacha ach go háirithe, toisc gur gné lárnach é d’fhéiniúlacht an duine, tá sé níos tábhachtaí fós meas is cúram a léiriú agus gach iarracht a dhéanamh taifead cruinn a dhéanamh ar na sonraí pearsanta seo- is cuma cé chomh fada is a thógann sé!

Is féidir tuilleadh eolais faoin GDPR a léamh as Gaeilge anseo.

Scríofa ag: Anna Ní Uiginn 

Twitter 

Follow us @WilliamFryLaw